[An English version is available here]
Sa bhliain 2004, díreach roimh é a cheapadh mar Chathaoirleach ar Chúlchiste Feidearálach na Stát Aontaithe, chuir Ben Bernanke in iúl an coincheap ar a dtug sé “an mheasarthacht mór”: tréimhse ó thús na 1980idí ina laghdaíodh éagobhsaíocht eacnamaíoch. Bhí measarthacht chomhchosúil le feiceáil sa pholaitíocht freisin, nuair a fógraíodh go raibh bagairt an tsóisialachais buaite, agus gur cúngadh an speictream polaitiúil timpeall ar chomhthoil daonlathach liobrálach, an geilleagar margaidh, agus athdháileadh measartha
Thar na blianta, cuireadh rialachas teicneolaíoch in áit pholaitíocht na coimhlint dhaonlathaigh. Cé a theastaíonn daonlathas, más féidir linn é a fhágáil faoi na saineolaithe? Cé a theastaíonn sóisialachas, nuair a gheallann “míorúilt an mhargaidh” go n-ardóidh sé gach bád?
Tá an ré sin thart. Cé go bhfuil go leor fós nach bhfuil sásta glacadh leis seo, bhris tubaiste airgeadais 2008 agus na blianta ina dhiaidh sin na brionglóidí a bhain leis an rialachas teiclathach na 1990idí, a gheall fás, caighdeáin mhaireachtála ag ardú, stát leasa poiblí feidhmiúil, síocháin, cearta daonna, agus cobhsaíocht pholaitiúil. Ina áit sin, thar na tríocha bliain anuas, chonaic Iarthar na hEorpa fás íseal, caighdeáin mhaireachtála seasta nó ag titim, agus stáit nach bhfuil in ann fiú seirbhísí bunúsacha a chur ar fáil. Leis an cogadh gan chríoch sa Mheánoirthear, athbheochan an fhaisisteachais, agus anois an radharc de “chosantóirí cearta daonna” ag ligint gáir mholta don chinedhíothú i nGaza, tá na gealltanais sin ina smidiríní. Agus sin gan trácht ar an mbaol méadaitheach de thitim éiceolaíoch.
B’fhéidir go bhfuil lárnaigí fós ina suí i mbun oifige, ach tá a bpolaitíocht ag lobhadh laistigh. Tá blianta teipe tar éis a gcreidiúnacht a scriosadh agus aon mhothúchán dá tábhacht amach anseo a mhúchadh. Ba í an fichiú haois an aois de choimhlint shóisialta. In ainneoin na mbréaga a scaipeadh ag liobrálaigh na 1990idí, tá an aonú haois is fiche ag léiriú cheana féin go mbeidh sé mar an gcéanna.
Ba mhaith le lárnaigí go ndéanfaimis dearmad ar conas a shroicheamar an pointe seo. Cuireann siad daonlathas liobrálach agus an geilleagar caipitlíoch i láthair mar chúplaí comhcheangailte, do-scaraithe agus rugadh le chéile. Ach faigheann an dearcadh seo réidh leis na streachailtí foréigneacha a bhuaigh cearta daonlathacha, arn nós an cumhacht cheardchumannach agus ionadaíocht oibrithe. Agus cuireann sé i gcéill nach bhfuil sa daonlathas ach form institiúideach: má vótálann tú ar son rialtais — fiú mura bhfuil cumhacht ar bith aici in aghaidh an chaipitil agus na gcomhlachtaí idirnáisiúnta — deirtear go bhfuil tú i do chónaí i ndaonlathas.
Laistigh den tsamhlaíocht pholaitiúil seo, laghdaítear poblachtánachas go leagan de liobrálachas: liobrálachas gan monarc. Ach sa mhéid sin, diúltaíonn lárnaigí liobrálacha croílár na traidisiúin phoblachtaí: an smaoineamh go bhfuil daoine in ann iad féin a rialú, saor ó fhorlámhas; fís chomh radacach agus a bhí riamh.
Caill an ghluaiseacht shóisialach idirnáisiúnta sna 1990idí. Ach tá a naimhde – an caipitleachas – beo fós. Mairimid fós faoi chóras domhanda ina bhfuil an aicme chaipitleach i réim, agus tá an tsochaí eagraithe chun a leas siúd a fhreastal.
Is minic a chaitear timpeall na téarmaí seo — “caipitleachas,” “aicme rialaithe” — ach is annamh a mhínítear iad. Bíodh sé soiléir dúinn. Ní bhíonn aon mhaoin tháirgiúil ag formhór na ndaoine agus bíonn orthu brath ar phá chun maireachtáil. Braitheann siad ar mhionlach a bhfuil na meáin táirgthe acu agus a infheistíonn iontu, ag fostú daoine eile chun earraí agus seirbhísí a tháirgeadh le díol ar bhrabús.
Bíonn na hinfheisteoirí seo iomaíoch eatarthu féin chun costais a laghdú agus torthaí a mhéadú. Má theipeann orthu, imíonn siad as an mbóthar. Cuireann an brú seo iallach orthu táirgiúlacht a mhéadú i gcónaí, ionas go bhfásann acmhainn tháirgiúil an chine dhaonna gan stad. Ach ní dhírítear an acmhainn sin ar riachtanais an duine a shásamh, ach ar dul i mbun an bhrabúis.
Is é toradh an córais seo nach bhfuil smacht ag na daoine a chruthaíonn saibhreas an tsochaí lena gcuid oibre ar na modhanna a úsaideann siad chun an tsaibhreas sin a chruthú. Tá an smacht sin i lámha na ndaoine a bhfuil an caipiteal acu. Leanann an gannchuid i lár na flúirse. Tá an chúis soiléir: tá acmhainní táirgiúla na sochaí á rialú ag mionlach beag. Tá an réiteach chomh soiléir céanna: ní mór don tromlach oibre smacht a ghlacadh ar na meáin táirgtheachta agus iad a úsáid chun freastal ar riachtanais an duine.
Go simplí: ní mór an caipitleachas a chur ar ceal agus cur in áit an tsóisialachais. Cé go taithníodh sé do roinnt daoine dioscúrsa an aicme a chealú, ní féidir fianaise an chaipitleachais a chur ar cheal. Caithfear críoch a chur leis.
I gcroílár an tsóisialachais tá moladh poblachtach simplí: cuir deireadh le riail na haicme agus cuir daonlathas ina háit; bogfaimid ó shochaí ina bhfuil cumhacht dírithe i lámha cúpla duine, go ceann ina ndéanaimid féin ár rialú féin.
Mar sin féin, ó “chríoch na staire” i leith, le cúpla scór bliain anuas, tá an uaillmhian seo – a ghlac na milliúin uair amháin – bainte den dioscúrsa polaitiúil. Ina háit tá an t-éilimh nach mór don gheilleagar freastal ar an mbrabús, agus nach é ról na polaitíochta ach éifeachtaí na héagothroime a mhaolú. Tá rialachas á thabhairt i gcónaí do chomhlachtaí idirnáisiúnta nach bhfuil freagrach do dhuine ar bith. Laghdaítear “daonlathas” go dtí an deasghnáth vótála ar son rialtais nach dtugann aon chosán ar aghaidh chuig todhchaí iardhaonlathach shóisialach.
In ár daonlathas folamh, tá cumha dorcha fréamhaithe. Ag tnúth le filleadh ar an ord mar a bhí ann i lár an 20ú aois, tá dream nua tar éis teacht chun chinn ar an eite dheas. Bíonn said ag smaoineamh ní faoin chumhacht dhaonlathach a leathnú, ach chun náisiún “ghlan” a bhunú. Ag croílár an deise nua seo tá Islamafóibe, trasfóibe, gnéasachas agus – go lárnach – polaitíocht fhíochmhar frith-inimirceach. Ar an drochuair, níor éirigh le cuid acu ar chlé aghaidh a thabhairt ar seo, nó níos measa fós, chuidigh siad leis atmaisféar frith-inimirceach seo.
In ainneoin a n-iarrachtaí iad féin a chlúdach le traidisiún náisiúnach na hÉireann, níl aon rud i bpáirt acu leis an traidisiún poblachtach Éireannach, nach raibh riamh faoi chruthú tíre glan eitneach. Go deimhin, tháinig poblachtánachas Éireannach chun cinn mar iarracht na traidisiúin eitneacha éagsúla in Éirinn a aontú. Go cáiliúil, ba é tionscadal Wolfe Tone “an pobal iomlán in Éirinn a aontú, cuimhne na scoilteanna a mhúchadh, agus ainm choiteann na nÉireannach a chur in áit na n-ainmneacha Protastúnach, Caitliceach agus Easaontóir.”
Cé go bhfuil an deise nua an-tógtha leis an gcine agus leis an gcomhceilg, thuig poblachtánaigh Éireannacha i gcónaí gurb é ceist bunúsach an maoin agus smacht ar tháirgeadh. Chuir comhghleacaí Tone, Jemmy Hope, béim ar staid an aicme oibre. Scríobh sé: “Mar phobal, níor tugadh dúinn an ceart smacht a bheith againn ar na dlíthe atá i gceannas ar ár saol… Le cumhacht, cuireadh na daoine bochta faoi smacht agus díshealbhaítear a ghreim ar an dtalamh; le ficsean, bunaíodh teidil na sealbhóirí; agus le calaois ar thionscal tháirgthe na nglún atá le teacht, leanadh ar aghaidh leis an usurpaíocht.”
Is féidir tábhacht na gcaidrimh maoine don phoblachtánachas Éireannach a fheiceáil freisin i nglao Fintan Lalor i 1848 ar poblacht sóisialach tuathánach, áit a mbeadh “an talamh iomlán” in Éirinn ina mhaoin phoiblí agus á cíosa do phobal feirmeoireachta saor. Thóg na Fíníní an traidisiún seo chun cinn. De réir mar a neartaigh an caipitleachas domhanda sa 19ú haois, léirigh Forógra na Poblachta 1867 de chuid na bhFíníní an nasc idir maoin agus poblachtánachas go soiléir. Thug sé cuireadh freisin do sholadaracht aicme idirnáisiúnta, fís a forbraíodh níos déanaí le poblachtánachas sóisialach an Conghaíleach.
Ó na 1930idí i leith, bhí poblachtánachas sóisialach ina phríomhshruth intleachtúil laistigh de phoblachtánachas Éireannach. Faoi mheán na 1960idí, bhí gach eite den ghluaiseacht, ar a laghad i bprionsabal, tiomanta do cuspóir poblacht sóisialach daonlathach 32 contae.
Ach cé go ndearna poblachtachas Éireannach dul chun cinn suntasach sa 20ú haois, níor éirigh leis bunú an phoblacht ina raibh ar thóir aige. Roinnadh an tír de réir líneacht reiligiúnach agus, mar a thuar an Conghaíleach, cruthaigh an scoilt seo “carnabal cúlánta thuaidh agus theas.”
D’éirigh na sé chontae ina stát Protastúnach cúlánta, tacaithe le cabhair míleata na Breataine Ó dheas, d’éirigh stát Caitliceach agus coimeádach, a chaith cuid mhór den 20ú haois i scáth na Breataine. D’fhéadfaí stair an stáit ó dheas a achoimriú i gceann abairt amháin: cibé rud a rinne an Bhreatain, rinne siad cóip. Ba chúis iontais é an beagán eisceachtaí – neodracht míleata agus easpa NHS – go raibh siad conspóideach toisc go raibh siad chomh annamh. Toradh aisteach amháin ar an gcosúlacht seo ná, céad bhliain tar éis an scoilt, d’fhéadfadh athaontú a bheith sách simplí toisc go bhfuil na stáit chomh cosúil lena chéile.
Inniu, tá an Bhreatain ag teip. Má leagaimid uaillmhian na hÉireann ní níos airde ná samhail na Breataine, is é an teip atá romhainn. Lasmuigh de Londain, tá an tír i mbás eacnamaíoch; i roinnt páirt tá na caighdeáin mhaireachtála i measc na caighdeáin is measa in Iarthar na hEorpa. Ó thaobh polaitiúil, tá sí ag treorú i dtreo náisiúnachas antoisceach: údarásaíochas Tory, neamhréasúnacht Farage, agus Páirtí Lucht Oibre atá tar éis gach uaillmhian a thréig seachas gairmeachas. Ó thaobh cultúir, tá sí ag dul siar i dtreo cúlánta, ag cur daoine trasinscne faoi chois, ag caith anuas ar inimircigh agus ag laghdú cearta daonlathacha agóid.
Go hiontasach, tá cuid de phoblachtánaigh den tuairim go bhfuil rud éigin le foghlaim ag Éire ón trasfóibe Bhreatnach. Ach nílimid níos mó oiléan eile John Bull. Tá ár dtodhchaí in áit eile.
Toradh amháin ar threocht eacnamaíoch na hÉireann i ndiaidh 2008 ná filleadh ar imirce mhór na n-óg. Cé go raibh glúine níos luaithe ag éalú ón scuana dóil i dtír a bhí faoi smacht reiligiúnach, fágann an ghlúin nua tír liobrálaithe, forbartha go heacnamaíoch. Murab ionann agus a réamhtheachtaí, ní iompaíonn siad náire as a n-Éireachas. Ina áit sin, braitheann siad bród as. Agus iad ina gcónaí agus ag obair thar lear, tagann siad ar chórais sláinte oibreacha, iompar poiblí, agus tithíocht phoiblí, agus fiafraíonn siad: cén fáth nach féidir linne na rudaí seo a bheith againn sa bhaile?
Dúirt Emmet go cáiliúil, “Nuair a ghlacfaidh mo thír a háit i measc náisiún an domhain, ansin, agus ní roimhe sin, go scríofaí mo feartlaoi.” Tá daoine óga na hÉireann ag féachaint orthu féin cheana féin mar chomhionann “i measc náisiún na cruinne.” Ach níl polaitíocht na hÉireann tar éis rugadh orthu.
Sa Tuaisceart, tá polaiteoirí ag bair greim ar shiombailí deiridh riail na hOráiste – cearta teanga a dhiúltú do chainteoirí Gaeilge agus bua de rí Protastúnach Ollanach os comhair rí Caitliceach Shasana i 1690 a cheiliúradh. Sa Deisceart, tá eagla ar an rialtas a bheith náirithe os comhair na huaisle i Meiriceá agus i mBrusail, ach ar bís páirt a ghlacadh i gcogadh trí téigh i bpáirt le NATO.
Ní fhaightear seo níos soiléire ná i bhfreagra an rialtais ar cinedhíothú i nGaza. Cé go n-aithníonn sé an fhírinne, ní dhéanann said beart de réir mbriathair. Ag tabhairt neamhaird ar toil an phoiblí, diúltaíonn siad smachtbhannaí a ardú in aghaidh Iosrael, ionnas nach cruthaítear fadhb do chomhlachtaí ilnáisiúnta. Creideann siad go nach bhfuil ceart féin-rialachas ag na hÉireannaigh.
Shainmhínigh Kant Eagnaíocht mar “éirí an duine as an neamhaibíocht a chuireann sé ar féin.” Leis an traidisiún Eagnaíochta, léiríonn poblachtánachas é seo sa réimse polaitiúil: is é aibíocht fhéinrial. Ní cheist institiúidí nó toghcháin amháin é seo. Teastaíonn cultúr agus polaitíocht uainn bunaithe ar fhéinrial, áit nach bhfuil eagla orainn smacht a ghlacadh ar ár dtodhchaí choiteann.
Tá an cheist smachta lárnach. Mar a mhínigh an Conghaíleach maidir leis an tsóisialachas: “Ciallaíonn sóisialachas, thar aon rud eile, smacht comhoibritheach na n-oibrithe ar na modhanna táirgeachta; gan an smacht comhoibritheach seo, níl úinéireacht phoiblí an Stáit ina Sóisialachas… ní hionann úinéireacht agus smacht an stáit agus Sóisialachas – dá mbeadh, bheadh an t-arm, na Gardaí, na mbreithiúna, na brathadóirí, agus na básadóirí ina bhfeidhmeannaigh Sóisialacha.”
I ré ina bhfuil cumhacht bailithe i lámha infheisteoirí domhanda, biúrócrataí neamhthoghtha ón AE, fórsaí póilíneachta míleata, oligarcaí teicneolaíochta, monopóilí meán, díoltóirí arm, agus fiú déantórí cinedhíothú, tá brionglóid phoblachtach fós i bhfad uainn.
Míníonn Marx conas a bhriseann an caipitleachas na cinnteachtaí seanbhunaithe agus conas a chuirtear iallach orainn aghaidh a thabhairt ar an dúshlán fíor a bhaineann le smacht a bheith againn ar ár saol féin: “Scaiptear gach rud daingean, maslaítear gach rud naofa, agus faoi dheireadh cuirtear iallach ar an duine aghaidh a chur ar a staid, agus a chaidrimh leis a chine féin.”
Ach conas is féidir le sóisialaithe agus poblachtánaigh aghaidh a thabhairt, le hintinn fhíor, ar na coinníollacha fíor inár saol? Sapere aude: ní féidir linn braith i gconaí ar feasa na nglúnta roimhe. Ní féidir linn fanacht faoi ghlas inár ngrúpaí réabhlóideacha beaga, ag glacadh leis an ról a d’fhág an pholaitíocht liobrálach dúinn – mar pholaitíocht agóide amháin. Mar a scríobh Rosa Luxemburg: “Tugann an streachailt laethúil ar son athruithe, ar son feabhsúcháin ar choinníollacha na n-oibrithe laistigh de chórais shóisialta atá ann cheana, agus ar son institiúidí daonlathaigh… an t-aon mhodh chun dul i ngleic leis an gcogadh aicme agus chun obair i dtreo an sprioc deiridh – bua ar chumhacht pholaitiúil agus deireadh a chur le chos ar bholg an lucht oibre.” Ní mór dúinn bealaí a aimsiú chun leasuithe a bhaint amach a leagfaidh bunús an sóisialachais.
Ní féidir linn áthas féinshásúil go leor ar an lár-chlé a ghlacadh ach an oirid, siúd a deireann go bhfuil slí níos “réadúil”. Ní earraí simplí iad athruithe ar chaipitleachas chun a roghnú ó sheilf i margadh smaointe. Tá feabhsuithe ar chaighdeán maireachtála na n-oibrithe, leathnú cumhachtaí daonlathaigh, agus cosaint na timpeallachta i gcónaí in aghaidh ag na daoine a mbeadh siad ag iarraidh a saibhreas agus a cumhacht a laghdú trí na hathruithe seo.
Ní féidir linn a rá go simplí go bhfuil ár n-aidhm n an tír a aontú, na impiriúil a chur ar strae, agus Poblacht 1916 agus Clár Daonlathach 1919 a chur i gcrích. Ní raichfimid i dtreo Phoblacht Sóisialach Daonlathach Éireannach mura n-iarrfaimid féin: conas a bheadh Poblacht den sórt sin le feiceáil i ndomhan an 21ú haois?
Tá deireadh tagtha le ré an lárnachais. Tá an eite dheas ag teacht chun cinn ar fud an Iarthair. Ach tá polaitíocht shóisialach agus phoblachtach ag filleadh fosta. Ó am an chogadh cathartha i lieth, ní raibh an eite clé in Éirinn riamh chomh láidir, ná raibh an dóchas deireadh a chur le deighilt seicteacdh na tíre chomh cóngarach.
Ach cé go bhfuil deiseanna an eite clé níos mó ná mar a bhí siad le fada an lá, níl mórán spásanna ann do shóisialaithe páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí nó anailís suntasach.
Tá an chéad umhir den iris nua An Clogán ós do chomhair. Táimid ag seoladh an iris ar son an phlé a bhfuil gá prainneach ar go dtárlaítear. Tá súil againn an comhrá seo a chothú trí ár suíomh gréasáin, trí fhóraim phoiblí, agus trí iris bhliantúil téamach.
Tá an eagrán seo tiomnaithe don téama “An Poblacht”, ábhar lárnach tábhachtach don eite clé Éireannach, ach nach mbítear ag plé go díreach go minic.
Scríobh Fintan Lalor uair amháin: “Gan comhaontú maidir lenár sprioc, ní féidir linn comhaontú a dhéanamh ar an mbealach ba cheart dúinn a leanúint.” Tá súil againn go mbeidh An Clogán in ann ról beag a imirt i soiléiriú ár sprioc comhroinnte agus cabhrú le bealach a leag amach i dtreo na poblachta sóisialacha.