Meabhrúcháin, athrá agus crácamas - na trí h-aspal de cúrsa na hArdteiste. Tá sé soiléir go bhfuil córas oideachais na hÉireann seanaimseartha - nach bhfuil sé in am don athrú? Ar fud na tíre feictear easpa múinteoirí agus acmhainní oideachasúla, chomh maith le scoláirí traochta tar éis 7 uair de shiollabas atá cruthaithe chun daltaí a ullmhú don táirgíocht. Níl sé ciallmhar ar aon dóigh chun leanúint le córas oideachais atá briste agus ag teip. Chun díriú ar an gcéad ghlúin eile, is gá dúinn cur chuige oideolaíoch an stáit a athrú.
Ar dtús, tá sé fíorthábhachtach dul i dtaithí ar sprioc an oideachais sa tír seo. I 1966 chuir an tAire Donncha Ó Máille go gcuirfí oideachas dara leibhéal saor in aisce ar fáil do lucht na tíre, scéim a tháinig i bhfeidhm in 1967. Ag dul i bhfad siar chuig na 1800idí, feictear an fhoirm is sine den mheánoideachas. Rugadh é as na hAchtanna Monarchan i rith bhuaicphointe na Réabhlóide Tionsclaíche sa Bhreatain. Ba é aidhm na nAchtanna seo athchóiriú a dhéanamh ar chúrsaí oibre do dhaoine óga, agus oideachas de shaghas éigin a thabhairt do na páistí a bhí ag streachailt 10 uair sa lá (na huaireanta oibre athchóirithe, dleathach!) faoi údaras na n-úinéirí. Ach bhí teip i ndán don iarracht seo oideachas foirmeálta a thabhairt don lucht oibre.
Bhí ar scoláirí íoc le haghaidh an pléasúr oideachais a ghlacadh as a phá féin. Níl muid tar éis imeacht ón meon dúshaothrach seo. Is gá tuismitheoirí íoc as pacáistí ealaíne, leabhair scoile, turais chuig lonnaíochtaí ábharacha - fiú go bhfuil foirgneamh na scoile agus pá na múinteoirí íoctha as a gcuid cánach chomh maith. Is é an “cuidiú deonach” an sampla is míchlúitigh - cuidiú a bhfuil deonach in ainm amháin. Níl cúis dá laghad i gceist cén fáth go bhfuil na híocaíochtaí mí-chothroime seo fós beo - cinnte is féidir leis an stát na costais bhreise seo a íoc, ach i spiorad an phríobháideachais is cuma sa tsioc leo.
Mar thoisc, bíonn rochtain ag daltaí o theaghlaigh níos saibhre ar achmhainní scoile níos fearr laistigh den scoil ón tús, fíric a mhéadaíonn bearna an aicme ó aois chomh óg. Ar nós na scoláirí sna scoileanna monarchana, braitheann caighdeán an oideachais ar cé mhéad airgead indiúscartha atá i dtaisce. Gearrann polasaí stáit seo an “leath-fhoirdheonaithe” tionchar éagórach ar theaghlaigh an lucht oibre.
Ní raibh cúram ar bith tógtha maidir leis an siollabas. Go minic, d’fhoghlaim na daltaí faoi chúrsaí Críostaíochta, na haspail, saol Íosa agus araile. Níl na ceachtanna seo ró-dhifriúil ó na ranganna reiligiúin sa lá inniu. Bhí béim curtha ar fhoghlaim de ghlanmheabhair seachas ar scileanna fiúntacha. Fanann sprioc na hoideolaíochta mar an gcéanna - mar uirlis chun an daonra a rialú ó aois óg. Ní “oideachais” a raibh sé seo d’aon gnó, ach amháin múinteoireacht leiscúíl nach raibh bunús bainteach le.
Leanann an treoir seo ar aghaidh inár suíomh nua-aimseartha, le timpeall leath de na scoileanna iarbhunscoile faoi phátrúnacht Chaitliceach, agus formhór mór na ndaltaí i scoileanna ainmníochta nó idir-ainmníochta. De ghnáth bíonn na ranganna religiúna seo éigeantach, ag goid uaireanta teagmhála riachtanaí an churaclaim ó múinteoirí agus scoláirí uilig. Is comhrá eile í an fhadhb reiligiúnach i scoileanna. Ar amhraí an tsaoil tá forbairt tagtha ar an bhfoghlaim faoi na reiligiúin dhifriúla in ionad na béime a raibh curtha ar an gCaitleacheas. Ba fhuílleach seanaimseartha é don aistear i dtreo oideachais uillíoch, nuair a raibh an Eaglais na t-aon soláthraí den foghlaim. Agus chun a gcuid cumhachta a chinntiú, chuir siad a gcuid teagaisc díreach isteach i gcroílár na h-óige.
Amclár éagothrom
Maidir leis na huaireanta a bhaineann leis an lá scoile, ní timpiste é go bhfuil siad rí-chóngarach do na gnáthuaireanta oibre. D’aon turas shocraítear na hamanna seo chun an lucht saothair a ullmhú do shaol lán le táirgíocht shíoraí. Tá go leor taighde ar fáil a léiríonn nach bhfuil an patrún seo nádúrtha do dhéagóirí. Ag an am is riachtanaí dá gcuid caithreachais, baineann an córas oideachais gach deis chun codladh sásúil díobh. Is éard atá i gceist ná uaireanta tosaíochta sách luath, de ghnáth 8.30am ar an meán, agus an lá ag críochnú thart ar 3.30pm. Ní timthriall inbhuanaithe é seo do chorp atá ag fás. Go nádúrtha bíonn na carnáin obair bhaile ann ina dhiaidh, ach tiocfaimid chuig an ngearán sin go luath.
Ní fhágann an t-amclár cruálach seo spás ná spéis ar bith d’fhorbairt phearsanta shóisialta . Tá daltaí i ngéibheann faoi uaireanta a dearadh chun an óige a mhúnlú ina n-oibrithe foirfe, ionas go mbeidh taithí acu ar thascanna leamha agus ar chrá na tuirse. Rinne na hAchtanna Monarchan sa 19ú haois iarracht cosc a chur ar obair i rith na hoíche do pháistí. Ar an iomlán, bhí rialtas na Breataine ag an am rathúil é sin a bhaint amach, d’ainneoin an éadain ó úinéirí na monarchan.
Ach anois, mar gheall ar na huaireanta fada a bhíonn ar dhaltaí fulaingt tríothu, is rud coitianta é do lucht na hArdteiste a bheith i mbun staidéir i rith na hoíche. Níl an t-am sa lá ag an dalta chun dul i mbun curaclaim atá rófhairsing. Le brú dochreidte (go háirithe roimh na scrúduithe stáit, níos mó ar an éagóír seo níós déanaí) níl faoiseamh ar bith acu. Bíonn teagasc sa bhreis ar siúl san oíche chomh maith, ach ar an dea-uair níl cúrsaí chomh dian is atá sa Chóiré Theas nó sa tSeapáin. Chun déileáil leis an méid dosháraithe oibre, cailleann daltaí amach ar chodladh riachtanach, rud a fhágann feidhmíocht laghdaithe sa scoil agus easpa tuisceana ar thopaicí dúshlánacha.
Tá sé soiléir le feiceáil go bhfuil daltaí faoi dhaoirse laistigh den timthriall mailíseach seo, gan críoch ar bith seachas ag deireadh mhí an Mheithimh. Ní nach ionadh go bhfuil scoláirí traochta agus iad spleách ar spadhar an scoil. Nuair a shroicheann siad an suíomh oibre, tá taithí acu ar éagóir an tsaoil cheana féin, curtha i bhfeidhm láithreach chun a gcuid anamacha a reic don chaipitleachas.
Anuas ar an leadrán laethúil, bíonn ar dhaltaí leanúint ar aghaidh leis an gcéasadh seo sa bhaile. Nuair a thagadh deireadh lena seal, ba mhinic gurbh éigean do na páistí a bhí ina bhfíodóirí lása aon obair nach raibh déanta a thabhairt abhaile. Go héifeachtúil, ghoid an caipitleachas gach cosúlacht den saol príobháideach ó na hoibrithe - bhí an obair agus an teach aontaithe faoi dheireadh. Ní raibh aon mhaireachtáil gan maireachtáil tháirgiúil, aon éalú ó fhírinne ghéar na monarchana. Le spriocdhátaí atá ag éirí níos dodhéanta, ullmhaíonn obair bhaile na ndaltaí inniu iad don bhrú ollmhór a bheidh orthu. Chomh maith leis sin, foghlamaíonn scoláirí an 21ú haois an ceacht is tábhachtaí: go sáraíonn an obair an duine. Níl deis acu na riachtanais seo a sheachaint, ó eagla an phionóis. Tá siad ullamh, ansin, do shaol ina bhfuil an lucht saothair i gcónaí táirgiúil agus níos cosúla le huathoibreán ná riamh, sásamh leithleasach do mhianta santacha an aicme úinéireachta. Tuigeann an scoláire ó aois óg gurb ionann deireadh an lae scoile agus tús na hoíche oibre. An bhfuilimid sásta go dtógfaí an chéad ghlúin eile ar bhealach a cheileann suáilcí na hóige orthu?
Córas dírithe ar an airgead
Feictear bunús córais atá dírithe ar an airgead sna ceachtanna ‘grinds’. Ní raibh a leithéid sna scoileanna monarcha. Bhí ar na páistí brath ach amháin ar na huaireanta scoile, teoranta agus gann. In ionad an córas a athrú chuig amchlár ina bhfuil rochtain ar am múinteoireachta sásúil, is féidir daltaí an lae inniu íoc as ranganna breise chun buntáiste a fháil thar a gcomhscoláirí. Is léir gurb í easpa na n-uaireanta teagmhála an chúis a chuireann brú ar theaghlaigh na tíre oideachas breise a sholáthar chun an bua i rás na bpointí a bhaint amach. Cosnaíonn ceann de na seirbhísí teagaisc bhreise seo, Grinds360, suas le €1,000 sa bhliain.
Is náire é go bhfuil comhlachtaí príobháideacha ag baint leas as an ngéarchéim mhúinteoireachta chun brabúis scannalacha a thuilleamh. Sa lá inniu, mothaíonn tuismitheoirí go bhfuil a bpáistí faoi mhíbhuntáiste mura bhfuil múinteoireacht bhreise á ceannach, agus íocann siad táillí ollmhóra ar na deiseanna céanna a fhaigheann daltaí sa chóras oideachais phríobháidigh. Is é an t-aon difríocht eatarthu ná go bhfuil cuid den oideacheas sna scoileanna príobhádeacha maoinithe ag an Stáit.
Ní réiteach iad na ‘grinds’ ar ghanntanas acmhainní teagaisc na tíre, ach siomptóm de staid an chórais ina iomláine. Cuireann an t-ualach seo brú ar theaghlaigh, go háirithe sa mheánaicme, chun íoc as forlíontaí oideachais. Léiríonn taighde go mbaineann páistí a fhreastalaíonn ar ghrinds pointí níos airde amach san Ardteist, agus go bhfuil siad níos dóchúla leanúint ar aghaidh chuig an oideachas tríú leibhéal. Agus páistí na teaghlaigh is bochta? Fágtha ag streachailt faoi chóras atá dírithe ar shaibhreas na clainne. Arís, braitheann caighdeán an oideachais ar cé chomh rachmasach is atá an clann. Feicimid cosúlachtaí leis an 19ú haois — sheol na teaghlaigh ba shaibhre a bpáistí chuig na scoileanna le táillí, agus fágadh an lucht oibre le hoideachas reiligiúnach na monarchana.
Sa tír seo, mura féidir íoc as, is féidir éirí as. Tá na mílte brionglóidí ó scoláirí, brionglóidí faoi éalú ó thimthriall na bochtaineachta, scriosta de bharr an spleáchais ar mhúinteoireacht bhreise.Chomh maith leis sin, tá an t-ord polaitiúil sásta an córas oideachais a chaomhnú san fhoirm reatha. Is cuma sa tsioc leo gur gá do thuismitheoirí íoc as a gcuid neamhinniúlachta, as an easpa acmhainní, agus as an ngéarchéim mhúinteoireachta.
An Ardteist i gcoinne an smaoinimh neamhspleách
Is é buaicphointe an éagothromais ná sraith na scrúduithe stáit. I mí an Mheithimh, suíonn na mílte daltaí síos chun ar an meán 20 lá de strus agus d’obair thraochtúil a fhulaingt, ar nós duais ainnis as a gcuid comhoibrithe go léir le linn 6 bliana anuas. Braitheann saol an scoláire ar thoradh na scrúduithe seo. Faoi chóras na bpointí, tá dlús 6 bliana d’obair dhícheallach curtha chun cinn laistigh de 15 uair a chloig. Ní deis chothrom é seo fiú cuid bheag bhídeach d’eolas an dalta a léiriú.
Duaisíonn na scrúduithe stáit foghlaim de ghlanmheabhair na mílte sainmhíniú, frása agus friotal. Tugann athrá agus cuimhne tús áite thar an anailís agus an réasúnaíocht. Ní mholann na scrúduithe smaoineamh neamhspleách ná nuálaíocht ar cor ar bith. Agus leis an meon seo brúite isteach i ndaltaí, cinnte bíonn siad forbartha don domhan oibre — chun éisteacht, chun a bheith freagrach, agus chun tascanna uathoibríocha a chur i gcrích gan cheistiú. Tá todhchaí na ndaltaí spleách ar na saintréithe seo.
Níl toil pholaitiúil ann an córas a athrú, toisc go bhfuil sé i bhfad ró-bhuntáisteach do na fostóirí. Is gá dúinn an bhréag faoin oideachas ‘leathan’ a scrios. Nuair is í foghlaim de ghlanmheabhair an freagra ar na scrúduithe fabhtacha seo, níl ionadh orainn go bhfuil smaoineamh cruthaitheach fágtha ar leataobh, agus íocfaidh an tsochaí as le teacht na hintleachta saorga.
Níl bua le baint sa chóras neamhionann seo ach i rás na bpointí. Níl an t-oideachas tríú leibhéal bunaithe ach amháin ar an tóir a bhaineann leis an gcéim. In ionad tairiscintí a chur amach bunaithe ar iontrálacha iomlánaíocha, boilscítear an t-éileamh go saorga gan mhachnamh ar láidreachtaí sainiúla an scoláire. Cruthaíonn sé seo iomaíocht idir daltaí na tíre, agus nach bhfuil na coinníollacha seo cosúil leis an saol oibre?. Cuirtear an lucht oibre in éadan a chéile trí mheasúnuithe feidhmíochta agus spriocanna éigríochta, agus mar thoradh air sin foghlaimíonn siad conas an táirgiúlacht agus na brabúis a mhéadú. Tá an cultúr seo forbartha sa chóras oideachais.
Agus muid críochnaithe leis tréimhse na scrúduithe, nochtann míchothromaíochtaí chóras an chaipitleachais amach óna n-uaimh . Cad é aidhm na hoibre, an staidéir, an ama a caitheadh scoite ó chairde agus na ndeiseanna d’fhorbairt phearsanta a diúltaíodh i bhfách le dul siar? Ba é sprioc an chórais oibrithe foirfe a chruthú, réidh agus ullamh ina n-iomláine chun a gcumhacht oibre a reic faoi sclábhaíocht an tuarastail. Nach é cuspóir an oideachais daoine óga neamhspleácha a fhorbairt? Nó oibrithe gan tuiscint faoina dálaí féin, breá sásta maireachtáil i gcóras nualiobrálach. Tá scileanna á bhfoghlaim le linn an dá leibhéal oideachais, gan dabht - spleáchas, géilleadh, poncúlacht.
Agus thar aon rud, an cumas an corp féin a dhíol ar an mbealach is fearr do mhianta an chaipitil. Ní thosaíonn sclábhaíocht na hoibre tuarastail nuair a théann an dream óg isteach sa lucht saothair sin: tosaíonn an fhorbairt shaobh seo sa seomra ranga go hóg. I rith na Réabhlóide Tionsclaíche, ní raibh sa chóras oideachais ach uirlis a bhain na caipitlithe feidhm aisti dá riachtanais leithleacha féin. Anois, máirseálann an chéad ghlúin eile de dhochtúirí, de dhíoltóirí agus d’innealtóirí i dtreo an chórais nua-aimseartha — córas atá bunaithe ar an gcaipitleachas.
Is gníomhaí teanga sóisialach agus mac léinn é Fiachra Mac Róibín. Faoi láthair, tá sé ag déanamh taighde ar an tionchar atá ag bacainní teanga ar rannpháirtíocht shaoránach i mBoisnia agus i Heirseagaivéin.