[English version here]

Is é méid an tslua léiriú ar mhéid na cumhachta: is argóint inti féin í mórshiúl oibrithe faoi bhratacha dearga; mar an gcéanna le mórshiúl Cásca na gcreidmheach faoi dhealbh Mhuire. Go smaoineoidh grúpa daoine i slí chomhleanúnach faoi fhadhbanna na réaltachta, a dúirt Antonio Gramsci, is é sin éacht i bhfad níos luachmhaire ná scaipeadh fionnachtana i measc dream beag intleachtóirí.

Chaith Gramsci na deich mbliana deireanacha dá shaol i bpríosún faisisteach, ag scríobh go dian in ainneoin a shláinte a bheith ag dul in olcas go géar, agus ag táirgeadh saibhreas léargas iontach ar stair, ar pholaitíocht agus ar chultúr. Is ionadh é, do Mharxach, go léiríonn cuid mhór den obair seo meas cáilithe ach dáiríre ar an Eaglais Chaitliceach.

Bhí cuid de spreagadh Gramsci dírithe ar an Eaglais chun í a úsáid mar chódainm don Pháirtí Cumannach – ábhar nach ligfeadh na húdaráis fhaisisteacha dó scríobh faoi. Ach léirigh rogha an chódainm freisin comhchosúlacht bhunúsach a chonaic Gramsci idir an Cumannachas agus an Chríostaíocht. Ba smaointe uilíocha iad araon, a bhí ábalta mothúchán agus intinn a aontú, lucht leanúna a cheangal le sruthanna móra chultúr an domhain, agus réiteach a dhéanamh ar dhearcadh codarsnacha ionas go n-aontóidís faoi chuspóir coitianta.

I gcompráid le formhór na tíortha in iarthar na hEorapa, ní raibh pháirtí cummanach ní pháirtí sósialta le mór tacaíoacht in Éirinn. In ainneoin sin, táim chun phlé go bhfuileamar in ann úsáid argóint Gramsci chun forbairt na hEaglaise Caitlicí in Éirinn a fheiceáil mar rian scáthach páirtí ollmhór an eite chlé nár tháinig ar an bhfód riamh.

Bhí rath ag an Eaglais Caitliceach na daoine a eagrú i n-dearcadh amháin. Ach bhí an rath sin bunaithe struchtúir sósialta ar leith - an gréasán láidir a raibh ann idir na dhaoine i bhformhór na phobail in Éirinn. D'éascaigh an gréasán seo comhoibriú i measc na dhaoine, agus choimead sé córas láidir de noirm sósialta i bhfeidhm. Neartaigh an Eaglais an struchtúr sóisialta seo, ach níor éirigh léi stoirm na nua-aoiseachta eacnamaíche agus cultúrtha a sheasamh. Thit sí leis an struchtúr.

Trí scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a raibh an Eaglais fite fuaite leis an struchtúr sóisialta seo, ar an gcaoi ar tháinig meath ar an mbeirt acu, agus ar an gcaoi a maireann iarmharach creidimh Críostaí fós, is féidir léiriú an féidearthacht amach anseo don eite clé in Éirinn.

Greasán sósialta Éireann le linn an 20ú chéad

Don chuid is mó den chéad seo chaite, tír thuaithe a raibh deisceart na hÉireann. Go dtí na 70-idí aníos, chónaigh fórmhór na dhaoine faoin tuath nó i mbailte beaga. De bharr seo bhí phobail beaga agus fite fuaite le chéile i ndlúth greasán de chaidrimh sósialta. D'éascaigh an dlúth-ghreasán seo nórmaí sósialta láidreacha agus troime. Toisc gur rith eolas to tapa tríd an dlúth-ghreasán beag, agus go raibh daoine ina thrácht lena chéile ar faigh tréimhsé a shaol uile, bhí sé éasca fearadh amach i gcomhair iompar i gcoinne na normaí agus an iompar sin a phíonú leis an gcoinneáill amach den duin "dána". Comh maith le sin, d'éascaigh an struchtúr sósialta seo comhoibriú toisc gur scup adh eolas go tapa agus toisc go raibh chultúr aonchineálach. D'fhéadfaimid "caipiteal sóisialta dlúthpháirtíochta" a chur ar an struchtrúr seo.

De bharr an mhéid sin — agus cé go raibh an gnáthshaol sna pobail bheaga seo trom agus teorantach i slite áirithe — bhí muinín láidir idir daoine sa phobal, agus forbraíodh foirmeanna de chomhoibriú forleathan agus deimhin. Mar fhianaise air sin, luaitear nósanna ar nós na 'meithle' — cleachtadh traidisiúnta de chomhoibriú idir feirmeoirí. Is léir nach n-éireodh le bun-nósanna cosúil leis an CLG, le Conradh na Talún (agus níos déanaí, le Fianna Fáil) gan an struchtúr sóisialta sin a d’éascaigh comhoibriú lena dhlúthghréasán de chaidrimh láidre agus leis na nórmaí sóisialta a ghabh leis.

Go deimhin, bhí an CLG agus Conradh na Talún bunaithe ar struchtúr ceallach áirithe: an pharóiste. Ba é seo — struchtúr bunúsach na hEaglaise — aonad an eagrúcháin shóisialta in Éirinn. Mar aon leis na heagrais uile a luadh cheana féin, bhraith an Eaglais ar chaipiteal sóisialta dlúthpháirtíochta freisin: chun súil a choinneáil ar dhaoine ionas go gcloífidís le rialacha na Críostaíochta, go scaipfí eolas coitianta, agus go nglacfadh gach éinne páirt sna deasghnátha comhroinnte.

Ach ní amháin go raibh tionchar ag an tsochaí ar an Eaglais, bhí tionchar ag an Eaglais ar an tsochaí freisin. Neartaigh an Eaglais an méid agus an caighdeán de chaipiteal sóisialta dlúthpháirtíochta a bhí ann. Gach Domhnach, tháinig an paróiste le chéile chun deasghnáth siombalach agus corraitheach a cheiliúradh. Chuir an liotúirge béim ar aontacht phobal na gCaitliceach; cuireadh in iúl go raibh siad uile mar bhaill de na tofa neamhaí. Bhí an dlúthpháirtíocht, an comhoibriú, agus an chomhchoitiantacht i measc na suáilcí is tábhachtaí a luaití i rith an Aifrinn. Moladh an charthanacht agus an chabhair don chomharsa, agus cáineadh an fhéineachas. Scaip seanmóir an tsagairt eolas coitianta a chuidigh leis an gcomhoibriú.

Mar fhocal scoir, trí nasc láidir a chruthú idir an idé-eolaíocht agus an struchtúr sósialta, d'fhorbair an Eaglais smaoineamh uilíoch: teanga áirithe a raibh in ann gach gné den saol phoiblí agus probháideach a nasc le córas smaointe, córas a raibh é fein mar toradh de céadta de dhíospóireacht féalsúnach. Ba rud eisiach ab ea an teanga seo cinnte. Nár fhágadh mórán spáis do córais eile – go háirithe iad siúd de chuid na heite clé. Ní raibh cead ag réasún príobháideach ná ag coinsias feidhmiú mar leithscéal d’aon chlaonadh ón mbealach ceart, ná mar leithscéal do chaoinfhulaingth ar chlaonadh . Throid an Eaglais cath fada, a raibh rath air ar dtús ach a cailleadh sa deireadh, in aghaidh an Protastúnachas, an poblachtánachas, an sóisialachas agus an liobrálachas.

Mar sin féin, mar a thug Gramsci faoi deara, bhí neart na Críostaíochta bunaithe go páirteach ar an gcumas a bhí aici smaointe difriúla a thabhairt le chéile faoi aon chreideamh amháin. Sna seascaidí agus sna seachtóidí, nuair a bhí gluaiseachtaí ar son an chomhionannais ag tarlú ar fud an domhain, cheap go leor daoine óga in Éirinn gurbh í an Eaglais an bealach ab fhearr chun na hidéil sin a bhaint amach. Tar éis an tsaoil, mar a dúirt diagairí na saoirse go láidir, thaispeáin Íosa drochmheas ar an saibhreas agus throid sé ar son saoirse na mbocht.

Ní hiontas ar bith é, b’fhéidir, gur staidéar don tsagartacht a rinne Joe Higgins ina óige - duine de na polaiteoirí Marxaíocha is mó in Éirinn - sular thug sé faoi thascanna níos saolta. D’fhan go leor eile dá ghlúin ina sagairt, agus tá siad gníomhach fós. Dúirt sagart amháin liom le déanaí gurbh iad na 1960idí an tréimhse is mó a d’athraigh a smaointeoireacht, nuair a bhí sé ag léamh agus ag plé saothar Stokely Carmichael le mic léinn eile.

Caipiteal sóisialta dlúthpháirtíochta i bhfeidhm – agus á meath

Tháinig caipiteal sóisialta dlúthpháirtíochta chun cinn sa líon mór eagraíochtaí deonacha Caitliceacha a thug cabhair do dhaoine leochaileacha. De réir an tsoceolaí Tom Inglis, bhí thart ar 300,000 duine ina mbaill de na heagraíochtaí seo ag tús na 1980idí. Bhí na heagraíochtaí seo ag brath ar an stór mór de chaipiteal sóisialta dlúthpháirtíochta - ach chuir siad leis an stór sin freisin. Ach de réir mar a tháinig deireadh leis an gcéad, tháinig a fholmhaíodh an stór seo de bharr athruithe móra ar struchtúr na sochaí. Mar thoradh ar fhás eacnamaíoch, soghluaisteacht thíreolaíoch, agus uirbiú, cruthaíodh greasáin sóisialta a bhí níos mó ach níos sealadacha freisin. Bhí níos mó naisc ag daoine ná mar a bhí riamh cheana, ach ba naisc laga iad. Tháinig dearcadh an duine aonair in ionad an dearcadh pobail. Bhriosaíodh an fís cotianta.

Ba é an toradh a bhí air seo ná meath ar an gcaipiteal sóisialta dlúthpháirtíochta agus ar cheannas na hEaglaise araon. Is féidir an athrú seo a rianú go chruin. Léiríonn an trí fhigiúr atá curtha i láthair thíos sonraí ó Staidéar na Luachanna Eorpacha (EVS) – suirbhé a rinneadh i dtíortha na hEorpa ó 1981 i leith. Cuireann gach figiúr sonraí i láthair do Phoblacht na hÉireann, ag déanamh comparáide idir dhá thréimhse ama – 1981 agus 2008 – agus dhá ghrúpa daonra: daoine a deir gur daoine reiligiúnacha iad agus daoine nach deir gur daoine reiligiúnacha iad. Sa dá thréimhse, is iad na daoine reiligiúnacha – ar Caitlicigh iad os cionn 90 faoin gcéad díobh – a dhéanann suas thart ar dhá thrian de na freagróirí go seasta. Mar sin féin, d’athraigh brí idé-eolaíoch agus phraiticiúil na reiligiúntachta go mór thar an gceathrú haois sin.

Léiríonn na figiúirí, in ord íslitheach, an chuid de na freagróirí: (1) a chreideann go soláthraíonn an Eaglais freagraí ar fhadhbanna morálta; (2) a chreideann go bhfuil sé tábhachtach neamhspleáchas a mhúineadh do leanaí; agus (3) a deir gur baill iad d’eagraíochtaí deonacha leasa shóisialaigh. Léiríonn an chéad fhigiúr údarás sochaíoch na hEaglaise, agus léiríonn an dá fhigiúr dheireanacha neart na gcomhpháirteanna idé-eolaíocha agus praiticiúla de chaipiteal sóisialta dlúthpháirtíochta.

Is é an tríú figiúr an ceann is suntasaí, b'fhéidir. Tuairiscíonn sé ballraíocht in eagraíochtaí deonacha leasa—grúpaí carthanúla a dhíríonn ar thacú le daonraí leochaileacha nó faoi mhíbhuntáiste. I 1981, thuairiscigh thart ar 6 faoin gcéad de fhreagróirí neamhreiligiúnacha agus 12 faoin gcéad de fhreagróirí reiligiúnacha an bhallraíocht sin. Faoin mbliain 2008, bhí na figiúirí seo tite go 2 faoin gcéad agus 7 faoin gcéad, faoi seach. Daingníonn an comhchoibhneas dearfach idir an reiligiúntacht agus rannpháirtíocht in eagraíochtaí deonacha leasa ról na hEaglaise i gcothú an chaipitil shóisialta dhlúthpháirtíochta - fiú agus an meath ginearálta ar rannpháirtíocht ag léiriú lagú níos leithne ar an ngréasán sóisialta seo in Éirinn.

Figure 1. Source: European Values Survey

An analach

Is ábhar spéise iad na hathruithe sóisialta seo iontu féin. Ach luíonn siad freisin le patrún níos leithne atá le feiceáil lasmuigh de chomhthéacs na hÉireann. Mar a pléadh thuas, cuid den spreagadh a bhí ag Gramsci chun staidéar a dhéanamh ar an Eaglais ná mar bhealach chun staidéar a dhéanamh ar an bPáirtí Cumannach – ní hamháin á clef, ach chun an sampla a leathnú ina fiosrúcháin ar idé-eolaíochtaí uilíocha.

Bhí páirtí mór cumannach nó páirtí sóisialach de chlaonadh an lucht oibre ag formhór na dtíortha Eorpacha le linn ré an Chogaidh Fhuair: an PCI san Iodáil, an PCF sa Fhrainc, agus an KKE sa Ghréig; Daonlathaigh Shóisialta na Gearmáine agus na Sualainne; Páirtithe an Lucht Oibre sa Bhreatain agus sa tIorua. Níos déanaí, tar éis thitim na deachtóireachtaí san Ibéir, tháinig a leithid chun cinn sa Phortaingéil agus sa Spáinn.

Cé go raibh an idé-eolaíocht chumannach níos forbartha, níos ilchasta, agus níos dolúbtha – agus mar sin, níos cosúla leis an gCríostaíocht san analach seo – bhí a gcuid teagaisc agus miotaseolaíochtaí féin ag na páirtithe daonlathacha sóisialta freisin. Níos tábhachtaí ná na smaointe féin, bhí bunús sóisialta ag gach idé-eolaíocht: gréasán casta de cheardchumainn agus de chlubanna sóisialta, comhionnan le pharóiste na hEaglaise agus na chumainn dheonaigh i gcomhthéacs na hÉireann. Agus cé gur feiniméin uirbeacha iad na páirtithe den eite chlé den chuid is mó, bhí na pobail uirbeacha inar mhair siad difriúil leo siúd atá ann inniu. Mar is léir ó shaothair eitneagrafacha ar nós The Uses of Literacy le Hoggart, nó Retour à Reims le hEribon, ba phobail iad seo inar chaith daoine a saol ar fad, áit a raibh aithne ag gach duine ar a chéile – gréasáin dhlútha a bhí iontu ina raibh spiorad an phobail láidir.

Is é sin le rá, bhí na páirtithe móra cumannacha agus sóisialacha ag brath freisin ar chaipiteal sóisialta dlúthpháirtíochta. De réir mar a scaip an t-aonarachas sóisialta ar fud na hEorpa, thit na páirtithe seo as a chéile freisin, nó d'athraigh siad ina ndaingne lárnacha do na haicmí gairmiúla, ag tréigean an ghnáthbhaillraíocht. Tháinig laghdú ar bhallraíocht na gceardchumann, d’éirigh gréasán na gcomharsanachtaí caite sular stróiceadh é, agus tháinig na Workingmen’s Clubs agus na Case del Popolo chun bheith ina n-ionaid ag cohórt atá ag dul in aois agus ag laghdú. Cé nár léir na hiarmhairtí i gcónaí, bhí siad thar a bheith tromchúiseach: bumbardú ciúin (mar a dúirt Hobsbawm) ar phobail agus ar institiúidí, rud nach bhfágann ina dhiaidh ach uaigneas ar a dtugtar saoirse.

Is nádúrtha é fás agus titim smaointe – an Chríostaíocht, an cumannachas, nó rud ar bith eile – a thuiscint mar rud a léiríonn cumhacht na smaointe mar smaointe féin. Má fhásann idé-eolaíocht, caithfidh go dtugann sí freagra ar cheist ríthábhachtach éigin. Má thiteann idé-eolaíocht, caithfidh go bhfuil frithargóintí áiteathacha curtha ar fáil ag imeachtaí – scannail drochúsáide leanaí nó na Niteáin Mhaighdiléana; Prág ’68 nó purgú Stalin.

Níl seo ach leath-fíor mar go bhfágann sé ról tábhachtach an struchtúir shóisialta as an áireamh. Go stairiúil, bhí creideamh in idé-eolaíochtaí uilechoitinn frithgheallta ag bunáit láidir de chaipiteal sóisialta dlúthpháirtíochta. Chomh fada is a mhair an struchtúr sin, bheadh an neart ag na hidé-eolaíochtaí a thacaigh sé leo teacht slán ó scannal agus ó náire. Ach a luaithe is a d’athraigh an struchtúr, bhí na smaointe seo agus na hinstitiúidí a bhunaigh siad faoi thrócaire na n-imeachtaí. Bhí an meath dosheachanta, agus bhí tionchar domhain aige ar chomhfhios an duine. Mar a dúirt Thatcher: “Is é an geilleagar an modh; is é an cuspóir ná an croí agus an t-anam a athrú.”

Cad atá amach romhainn?

Ar ndóigh, tá go leor Críostaithe, cumannaithe, sóisialaithe, agus creidmhigh eile i mais-idé-eolaíochtaí an fichiú haois fós ann. Ach de réir mar a chaill na hidé-eolaíochtaí sin a bhallraíocht cotianta, d’éirigh nádúr an chreidimh níos aonaraí: níos neamhghnáiche, níos meitifeasice, níos dírithe ar shlánú an duine aonair agus ar chiall a bhaint as an saol. Féadfaidh Caitlicigh chleachtacha fiú cáineadh a dhéanamh ar theagasc na hEaglaise maidir le ginmhilleadh agus colscaradh, agus creideamh a chur in iúl i síoga agus i gcumhacht leighis na gcriostal. Postálann cumannaithe ar líne méimeanna óna seomraí codlata. Ar go leor bealaí, tá an chuma ar an scéal nach bhfuil tábhacht le haon chuid de a thuilleadh; tá gach rud tuaslagtha i rince corrach, síorraíoch na hiar-nua-aimsearthachta.

Ní hé seo le rá nach bhfuil caipiteal sóisialta dlúthpháirtíochta ann fós, nó nach bhfuil eagraíochtaí tromchúiseacha de chuid na heite clé ann. Níl ceardchumainn ná páirtithe gníomhaithe imithe ar fad. Ach is gnó do mhionlaigh iad níos mó agus níos mó. Ní féidir linn an clog a chur ar ais, ná filleadh ar na pobail dhlútha, statacha, uileghabhálacha a bhí ann leathchéad bliain ó shin. Cén todhchaí atá ann, mar sin, do mhais-ghluaiseachtaí na heite clé, cibé acu in Éirinn nó níos faide i gcéin?

D’fhéadfadh leid a bheith le fáil in ionadaíocht na polataíoctha mhílaoiseacha, mar a fheictear i saothar Sally Rooney. Is Marxach í, ach is ábhar díospóireachta i gciorcail liteartha na heite clé agus níos faide i gcéin cé chomh mór is a thugann a cuid tuairimí polaitiúla eolas dá saothar úrscéalaíochta. Is lú a labharaítear, áfach, cé go bhfuil sé suntasach do na ceisteanna a ardaítear anseo, go bpléitear creideamh agus cleachtas Críostaí ina saothar chomh minic leis an sóisialachas.

Tá duine de phríomhcharachtair an tríú leabhar aici, Beautiful World Where are You, fostaithe mar chomhairleoir parlaiminte do pháirtí den eite chlé ach is Caitliceach cleachtach é freisin. Téann Eileen, a pháirtí rómánsúil sa deireadh, i ngleic go pearsanta agus go hintleachtúil leis, ní trína ghníomhaíocht pholaitiúil, ach trína chreideamh gníomhach. Freastalaíonn sí ar an aifreann in éineacht leis, baineann sí taitneamh as a rannpháirtíocht sa deasghnáth, agus aimsíonn sí ann comhlánú spioradálta sásúil dá n-oíche grá.

Tá an comhphrótaganaí Alice – Marxach eile – an-tógtha le scéal Eileen faoina taithí reiligiúnta. Tá cur amach domhain aici ar an Tiomna Nua, tá sí faoi gheasa ag pearsantacht Íosa, agus creideann sí go léiríonn an meas dúchasach atá ag an chine dhaonna ar rudaí áille fianise do ghrá síoraí Dé. Ar an gcaoi chéanna, tá ról tábhactach ag creideamh na Críostaíochta in Intermezzo, an t-úrscéal is déanaí de chuid Rooney. Fillann smaointe Pheadair, dlíodóir ciallmhar den eite chlé, ar aithne Dé grá a thabhairt do dhaoine. Tá Sylvia, a leannán agus intleachtóir cosúil le hAlice, gafa le "grá macánta agus tarchéimnitheach Chríost".

Nathanna na Bíoblaí measctha le dioscúrsa Marxach – an amhlaidh, mar a chuireann Peadar síos ar fhocail na bpaidreacha Críostaí, gur "dearbháin folmha anois iad, a chuaigh in éag i bhfad ó shin, nach féidir a mhalartú ar rud ar bith"? Ní mar sin atá ag Rooney. In agallamh le déanaí leis an Irish Times, d’admhaigh sí – cé go gcuireann sí i gcoinne theagasc na hEaglaise maidir le homaighnéasacht agus ginmhilleadh, agus go bhfuil amhras uirthi faoin osnádúrthacht – gur chuir an Chríostaíocht creatlach mhorálta bhunúsach ar fáil di (gan a fhios aici ar dtús). Is í an chreatlach seo a spreag freagairt fheargach ar míchothromaíocht agus ar dhúshaothrú, agus a thug i dtreo an Mharxachais í sa deireadh. B'fhéidir go ndéarfadh an sagart a léirigh meas ar Stokely Carmichael an rud céanna ach ar mhalairt slí – go raibh Carmichael agus a chuid gcomrádaithe ag cur prionsabail eiticiúla Críostaí i bhfeidhm.

Dualgais mhorálta i dtreo gníomhaíocht chomhchoiteann

Chun filleadh ar thuairimí Gramsci, tugann mór-idé-eolaíochtaí teanga uilíoch dúinn. Mura bhfuil an teanga sin ag duine, ní bheidh aige ach "canúint" - stíl chainte áitiúil nach bhfuil oiriúnach don phlé domhain. Ach caithfidh an teanga uilíoch seo cur síos cruinn a dhéanamh ar an saol nua-aimseartha freisin, nó ní bheidh sí in ann nasc a chruthú idir taithí an duine agus an pholaitíocht níos leithne. Ba cheart do shóisialachas an lae inniu tógáil ar an Marxasachas, ar ndóigh, ach caithfidh sé níos mó aird a thabhairt freisin ar dhearcadh eiticiúil an duine aonair a chothú.

Seans go gceapfaí go dtagann an riachtanas seo salach ar an Marxasachas. De ghnáth, ní thaitníonn argóintí "morálta" leis an Marxasachas traidisiúnta; b’fhearr leis tuar eolaíoch a dhéanamh faoi réabhlóid atá dosheachanta. Ach is athrú riachtanach é seo don saol ilroinnte ina mairimid. Nuair a bhíonn pobail níos scaoilte, ní bhíonn an brú sóisialta céanna ann chun oibriú le chéile. Gan eolas coitinn a bheith againn ar a chéile, ní bhíonn muid cinnte an mbeidh daoine eile sásta páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhchoiteann. Is féidir le tiomantas láidir eiticiúil teacht in áit na gcúiseanna praiticiúla sin - mar sin, éiríonn an rannpháirtíocht ina gá domhain inmheánach seachas ina rud a bhfuiltear ag súil leis ón taobh amuigh.

Níor cheart go mbeadh an smaoineamh seo nua ar fad. Tá tionchar idé-eolaíocht na hEaglaise le feiceáil fós i sochaí na hÉireann, mar shampla sa mbealach a bhíonn daoine reiligiúnacha níos gníomhaí in eagraíochtaí deonacha, mar a phléamar cheana. Bhí na ceannairí ba mhó sa Mharxasachas faoi thionchar creidimh freisin, rud a thug misneach dóibh le linn géarleanúna agus deacrachtaí. Bhí níos mó ná "comhoibriú gan choinne" i gceist i gcónaí i ngluaiseachtaí móra na heite clé.

Dá bhrí sin, ní athrú iomlán é díriú ar an spreagadh eiticiúil chun gníomhú. Ina áit sin, caithfimid a aithint go raibh an ghné sin i gcónaí mar chuid thábhachtach den troid pholaitiúil - in éineacht le hinstitiúidí pobail bunaithe ar chaipiteal sóisialta. Sa lá atá inniu ann, de réir mar a théann an caipiteal sóisialta sin i laige, caithfidh an pholaitíocht dul i bhfeidhm ar mhoráltacht an duine chomh maith le leas an phobail. Sa saol nua, tá gá le daoine atá dícheall domhain acu chun gníomhú, beag beann ar cad a dhéanann daoine eile; dícheall a thagann ó thiomantas láidir morálta, nó fiú spioradálta.

Braitheann an cineál struchtúir a bheidh de dhíth ar na fadhbanna a bheidh le sárú ag gluaiseachtaí polaitiúla. Mar shampla, an ba chóir do ghluaiseacht díriú ar an mórphobal a fháil chun gníomhartha simplí a dhéanamh le chéile? Nó an fearr díriú ar mionlach a spreagadh chun íobairtí móra a dhéanamh, fiú nuair is fusa do dhaoine eile gan aon rud a dhéanamh?

Pé fadhb atá fuainn, caithfidh tiomantas morálta an duine aonair teacht in áit na seanchumann pobail níos mó agus níos mó. Caithfimid triail a bhaint as smaointe nua chun an tiomantas seo a neartú agus a cheangal le gluaiseachtaí eagraithe. Is é an scrúdú is tábhachtaí ar aon smaoineamh nua ná an bealach a n-athraíonn sé dearcadh an phobail: an gcabhraíonn sé leo smaoineamh go soiléir ar an bhfírinne, ar na fadhbanna atá ann, agus ar na bealaí is fearr chun iad a réiteach?


Is taighdeoir é William Foley, ag obair faoi láthair in Universidad Carlos III de Madrid. Tá sé ag déanamh taighde ar scaipeadh reiligiún, ar forbairt na míchothromaíochta, agus ar ról an áidh sa tsochaí.

The link has been copied!