‘Is é an t-aon chúis gearáin atá agam ná nach bhfuil go leor talún agam. Tabhair dom a dhóthain de sin agus ní bheadh eagla orm roimh dhuine ar bith – ní roimh an Diabhal é féin fiú!’
Cúis ceiliúrtha ar leith a bhí ann sa bhliain 2024 nuair a thug an Bhreatain Mhór le fios go mbeadh sí sásta a ceannasacht ar na hOileáin Chagos a scaoileadh. Bheifeá ag súil go ndéanfaí a leithéid a cheiliúradh ar ndóigh, agus ceann de rianta an choilíneachais á chaitheamh i dtraipisí. Ach, sa mhullach air sin uilig, b’ionann éalú na nOileán Chagos ó cheannasacht an Rí agus deireadh le fírinne an ráitis úd lenar dúradh nach dtéann an ghrian thíos riamh ar impireacht na Breataine.
Sea, a bhuí le cúrsaí amchreasa bheadh ann sa deireadh thiar do luí na gréine sna críocha faoi smacht na Breataine. Bua fánach go leor gan amhras, agus ceann nár fíoraíodh go fóill fiú agus an comhréiteach ina shuan ó bhí mí Aibreáin 2026 ann, ach ceann a chuirfeadh i mbun machnaimh thú faoi cén staid den lá ag a bhfuil muid ó thaobh na himpireachta de anseo in Éirinn. Is fíor go bhfuil an t-arm bailithe leo agus próiseas síochána i bhfeidhm, ach is ann don iliomad meabhrúchán ar chóras brúidiúil na Breataine agus ar an dóigh ar cuireadh chun feidhme é.
I measc na meabhrúchán sin tá na tithe móra agus a dtailte atá breactha ar fud na tíre agus iad i seilbh Thiarnaí Briotanacha go dtí an lá inniu. Daoine de shliocht an rachmais a bhíonn iontu, a fuair a réadmhaoin le hoidhreacht. Ar dhuine acu siúd tá Lord Shaftesbury, a bhfuil Loch nEathach ina sheilbh aige.
Tá meath millteanach tagtha ar an Loch faoina stiúir. Fógraíodh i mí Iúil 2025 nach ndéanfaí aon iascaireacht eascainne sa cheantar le linn na bliana sin de bharr drochriocht an Locha. Tá an Loch breac le halgaí agus tá cúrsaí comhshaoil ann éirithe chomh holc sin go ndúirt an tArd-Easpag Eamon Martin gur ‘géarchéim morálta agus spioradálta’ é riocht an Locha.
Agus tuairiscí faoi léirscrios comhshaoil agus fiadhúlra Loch nEathach mar thoradh ar neamart agus faillí an Tiarna á léamh agat, mhaithfeá don té a déarfadh go bhfuil grian na himpireachta ag scoilteadh na gcloch anseo in Éirinn go dtí an lá inniu.
Is ionann slí maireachtála Shaftesbury agus bás an aoire ar bhealach, an Tiarna neamhláithrí a bhfuil saol an mhadaidh bháin á chaitheamh aige fhad is go dtéann a réadmhaoin chun siobarnaí. Feictear gur beag na ceachtanna óna shaol oibre go dtí seo, seal ag obair mar DJ i Nua-Eabhrac san áireamh, ar féidir leis iad a chur chun feidhme chun an loch atá ina sheilbh aige a shlánú. Nach cuma, fiú agus an Loch á thruailliú de bharr a neamairt féin, faigheann an Tiarna dleacht as gach tonna gainimh a bhaintear as dhá chrios sa Loch lena mbaineann ceadúnas asbhainte.
Is dócha gur mar gheall ar an cheadúnas sin nach bhfuil an Tiarna Shaftesbury sásta an Loch a thabhairt ar lámh gan chúiteamh d’eagraíocht ar féidir teacht i gcabhair air. Ní nach ionadh go mbeadh an craiceann agus a luach ag teastáil ó dhuine de shliocht a raibh an tsaint ina bua acu ariamh anall.
An diabhal é féin
Shamhlófá a leithéid le domhan na scéalaíochta de ghnáth, meath comhshaoil mar mheafar don mheath anama a mbíonn mar thoradh ar an tsaint. Bhí dáimh ar leith ag mórscríbhneoirí na Rúise den 19ú haois le saothair mheafaracha dá leithéid. Ar cheann acu siúd tá Cé mhéad talún atá de dhíth ar aon fhear amháin? le Leo Tolstoy, scéal a bhfuil baint lárnach ag luí na gréine ann freisin, agus é mar chorráin an bháis don phríomhcharachtar.
Sa mhullach ar ghnéithe meafaracha an scéil, tá rian de sheanrá eile a shamhlaítear le mórscríbhneoirí na Rúise le mothú ann freisin. Is é sin, go dtagann strainséara diamhair éigin chuig baile beag tuaithe agus saibhreas, áthas nó iontais eile á ngealladh aige. De réir mar a théann an scéal ar aghaidh ní fada go n-éiríonn an léitheoir amhrasach faoin strainséara flaithiúil.
An diabhal é féin a bhíonn ann ar ndóigh, agus in Cé mhéad talún atá de dhíth ar aon fhear amháin?, éiríonn leis an diabhal teacht i dtír ar shaint an phríomhcharachtair, Pakhom, agus é a mhealladh óna shaol sásúil is compordach chun a bháis.
Cuirtear tús leis an scéal agus cúrsaí aicme á bplé i gcistin Pakhom, a bhean chéile ag dul in adharca lena deirfiúr a bhfuil saol i bhfad níos ardnósaí bainte amach aici di féin agus í ar a sáimhín só. In ainneoin go bhfuil bean chéile Pakhom go breá sásta leis an saol atá acu, ní hamhlaidh é do Pakhom. Tuilleadh talún atá uaidh, a fhógraíonn sé os ard. Dar leis, dá mbeadh a dhóthain talún aige ní bheadh faitíos air roimh dhuine ar bith, ní roimh an diabhal é féin fiú.
Ar mhí-ámharaí an tsaoil, tá Pakhom i ndiaidh dúshlán cinniúnach a thabhairt i ngan fhios dó. Tá an diabhal é féin ag cúléisteacht leis an chomhrá agus beartaíonn sé a mhian a thabhairt do Pakhom agus ceacht marfach a mhúineadh dó dá réir. Tugann sé faoi Pakhom bocht a mhealladh níos faide agus níos faide arís óna fhód dúchais, agus é sa tóir i dtólamh ar thalamh.
Mealltar ó bhaile go baile é ar aistear tóraíochta talún, agus an flúirseach de le fáil in achan áit i ndiaidh a chéile. Ach tá mian cothaithe ag an diabhal in Pakhom nach féidir a shásamh. Géilleann sé arís agus arís eile do na cogair chinniúnacha ina chluasa lena ngealltar gur mó arís an taisce a bhfaighidh sé giota beag níos faide ar aghaidh.
Agus an scéal ag teacht chun críche, déantar margadh le Pakhom sa dóigh is go bhféadfadh sé seilbh a bheith aige ar cibé méid talún a d’fhéadfadh sé siúl thart air idir breacadh an lae agus luí na gréine. Tá a ghoile talún chomh láidir sin gur éiríonn leis siúl go dtí an dé deiridh, sula dtiteann sé i laige agus a fhaigheann sé bás fad láimhe ón áit ar leag sé a chéad slat ar maidin.
D’éirigh leis an diabhal Pakhom a mhealladh chun a bháis in ainneoin an flúirseach talún a bhí roimhe in achan áit ar leag sé cos ann. Sa deireadh thiar, níorbh ins an talamh agus a mhaireann ann a bhí suim ag Pakhom, ach ins an luach agus ab fhéidir leis a bhaint as.
Múchadh ghrian na himpireachta?
Is ró-chuma leis an Tiarna Shaftesbury faoi dhrochstaid an Locha agus faoin dochar atá á dhéanamh de faoina stiúir, sócmhainn airgeadais atá ann dó, go díreach mar a bhíodh dá mhuintir a tháinig roimhe. Má bhí luí na gréine mar chorráin an bháis do Pakhom, is ionann loinnir leanúnach ghrian na himpireachta agus fulaingt Loch nEathach.
Mar mhalairt ar scéal Tolstoy, is ar an Loch é féin a bhfuil meath agus creimeadh ag teacht agus an Tiarna neamartach i mbarr a shláinte i gcónaí. Choinnigh Pakhom leis ag carnadh talún go dtí go ndeachaigh an ghrian thíos agus go bhfuair sé bás. An mbeidh ar Loch nEathach fanacht ar mhúchadh ghrian na himpireachta go slánófaí é?
Conallach is ea Aodh McNeill ar foilsíodh saothar leis in Comhar, Tuairisc, An Páipéar agus NÓS roimhe seo.